Tionscadal

Feasach faoi ... cad é?

D'fhéadfaí go rachaidh triail chliniciúil chun leasa duit teacht ar chóireáil éifeachtúil ach ag an am chéana d'fhéadfaí go nochtófar thú do phriocail gan aithne.

Ag am ar bith bíonn líon ollmhór trialacha cliniciúla ar siúl i ngach aird den domhan (féach clár thrialacha cliniciúla ). D'fhéadfaí, áfach, go bhfuil athruithe móra sa tslí ina gcuirtear cógais leighis faoi thriail, agus sa tslí ina bhfuil an t-othar páirteach sa phróiseas seo. Is ríthábhachtach an rud é go mbíonn daoine ar eolas faoina h-éagsúlachtaí seo agus go dtuigeann siad níos mó faoi thaighde míochaine roimh dóibh clárú i dtriail chliniciúil a chur faoi chaibidil.

D'fhéadfaí nach mbeadh toradh maith ar thriail chliniciúil, mura bhfuil dearadh maith air. Nó, an chuid ba mheasa, d'fhéadfaí go gcuirfeadh sé daoine amú leis na torthaí. Roimh duit aontú le páirt a ghlacadh i dtriail chliniciúil, ba chóir go mbeadh tú cinnte dhe gur thriail chliniciúil maith atá ann agus go mbeadh sé chun leasa duit. Ach conas is féidir leat bheith ar eolas faoi sin? Tá an suíomh gréasáin seo ina chuid de thionscadal ECRAN - Cumarsáid Eorpach um Riachtanais Tuiscint Taighde - agus bhí sé maoinithe ag an gComhphobal Eorpach chun cur le heolas Saoránaigh an AE faoi thaighde míochaine agus chun tacú lena gcomhpáirtíocht i dtrialacha cliniciúla atá neamhspleách agus ilnáisiúnta.

Tá sé d'aidhm ag ECRAN míniúcháin atá soiléir agus iontaofa a sholáthair maidir le coinceapanna bunúsacha agus le hardchoincheapanna, le faisnéis phraiticiúil, le hábhair oideachais lena n-áirítear treoirleabhair, ábhair theagaisc, scannán beoite agus fiú cluiche (ach cluiche tromchúiseach, i ndáiríre!) chun é a chinntiú go bhfuil tú comh réidh agus is féidir, roimh duit páirt a ghlacadh i dtriail chliniciúil nó a mhalairt.

Cad chuige neamhspleách agus ilnáisiúnta?

Tá formhór na dtrialacha cliniciúla maoinithe faoi láthair ag tionscail chógaisíochta, go minic le haghaidh druga nua a thabhairt chun an mhargaidh. Dá bhrí sin, is cuspóir bunriachtanach é éifeachtúileacht agus sábháilteacht an táirge nua a léiriú dos na Rialtóirí.

Ar an dtaobh eile, maoinítear trialacha cliniciúla atá neamhspleách le hairgead an phobail, ag ionaid taighde nó ag comhlacais othar agus bíonn siad deartha chun freagairt go príomhtha ar shaincheisteanna d'ábhar ardspéise na n-othar, mar shampla, na córacha leighis is fearr atá ar fáil a chur ar a shúile d'othair, na torthaí diúltacha a d'fhéadfadh a bheith ann tar éis achar fada ama agus fíorthionchar na gcóracha leighis ar shaol an othair.

Baineann staidéir neamhspleácha le heolas míochaine a leathnú ar mhaithe le leas na n-othar, in ionad a bheith ag iarraidh na Rialtóirí a shású go bhfuil rud sábháilte á sheoladh ar an margadh. Is minic a bhíonn trialacha cliniciúla atá neamhspleách á dhéanamh ag ionaid éagsúla taighde agus iad ag obair ar an gceist céanna, fiú i dtíortha éagsúla - ar leibhéal ilnáisiúnta - ag tástáil na chóra leighis ar dhaonraí éagsúla. Tagann na torthaí is iontaofaí agus is úsáidí, i ndáiríre, as trialacha cliniciúla ina bhfuil réimse fairsing daoine (lena n-áirítear iad a mheastar a bheith níos laige, mar othair níos sine, mar pháistí, agus mar mhná) lena chinntiú go mbaineann na torthaí leis na daoine seo chomh maith.

Bíonn sé de chuspóir ag trialacha cliniciúla atá neamhspleách freagairt ar aon cheist faoi chosc agus faoi theiripí, lena gcinntítear cúram sláinte níos fearr agus níos éifeachtúla do chách. Dá bhrí sin, tá an Coimisiún Eorpach faoi láthair ag infheistiú airgid chun tacú lena thuilleadh taighde atá neamhspleách.

Is cuid den iarracht seo an tionscadal ECRAN.

An raibh a fhios agat... ?

Faoi láthair tá ábhair ECRAN inchuardaithe as sé theanga (Béarla, Fraincis, Gearmáinis, Spáinnis, Iodáilis agus Polainnis) agus leanfar leis seo a leathnú go teangacha eile (teangacha an AE go léir!), chun buntuiscint a chinntiú go gach aon duine.

Rate this content: 
No votes yet