Eolas faoi thrialacha cliniciúla

I ngach uile chuid dár saol bíonn orainn cinntí a shocrú, mar an cinneadh faoin rud is cóir dúinn a dhéanamh. B'fhéidir go mbaineann an cinneadh sin leis an cion oibre is fearr duit, leis an scoil is oiriúnaí dod' chlann, leis an teach is fearr a cheannach, nó b'fhéidir cé acu an pháirtí is fearr duit. Gach uair a chuirimid a leithéid de cheist orainn fhéin, bíonn leideanna á gcuardach againn, roinnt táscairí a gcuirfeadh an treo ceart orainn.

Maidir le sláinte agus le cóir leighis a chur ar ghalar is rud comhchosúil é. D'fhéadfaí go mbeadh córacha leighis éagsúla ar fáil don riocht céanna - cuid acu úr nua, fad is a bhfuil córacha eile ann leis na blianta.  D'fhéadfaí go mbeadh ceann acu níos fearr duit ná na cinn eile. Ach, cé acu cheann? Bíonn aimsitheoirí de dhíth orainn chun cinneadh a dhéanamh, agus cuidíonn fianaise a sholáthraítear le trialacha cliniciúla leis an gcinneadh sin a dhéanamh. Is bunriachtanach an fhianaise seo. Roimh aon mholadh a chur ort ag dochtúir, ní foláir go gcuirtear triail ar aon chóir leighis ar dtús maidir leis na buntaistí agus maidir le haon tionchar gan iarraidh  a bhaineann leis, agus is éard a chiallaítear le seo i gcoitinne ná é a chur faoi thriail i dtrialacha cliniciúla atá fánach.  

Ransaítear na hábhair eile atá sa mhír seo le tuiscint a chur ar conas a shainaimsítear na córacha leighis is fearr atá ar fáil trí thástáil chothrom i dtrialacha cliniciúla atá fánach.

Rate this content: 
Average: 3 (1 vote)
Irish